Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios i nDún Eoghain. Tá ceann eile i gCeathrú Leasa agus tá ceann i Lios Dubh. Bhíodar san lán de phúcaí insan sean-aimsir. Bhí ceann ortha do chomnuigheadh i Lios Dubh go dtugtaí Cnap a' Leasa air. Maidin áirithe bhí fear ó'n áit seo ag iascac le slait sa charraig go lán moch ar maidin. Ar amharc dár thug sé amach sa bhfarrige do chonnaic sé rud éigin a' deunamh air agus uisge aige a'chur san aer le neart coisidheachta. Níor bhfada go bhfaca sé níos soiloíre é mar ná raibh sé i bhfad a'teacht giorrachta agus cad a bheadh ann ná fear agus capall. Tháinig sé i n-áirde sa charraig agus do labhair sé mar seo leis an iascaire:- "Eirigh anáirde ar a' gcapall so agus téighir suas so leas Lios Dubh agus fiafruigh de Cnapa a' Leasa cathain a racaidh Dromaníar go Fláitheas Dé agus tar fúmsa gan mhoill le freagra. Bead-se ag iascach duit annso fad a bheir ar a'dturas." Chuaidh sé anáirde ar a gcapall agus níor dhein cú riamh 'ndiaidh gré chomh luath is do chuaidh an capall suas go Lios Dubh.
Do stad an capall uaidh féinig is do glaoidh an fear amach ar Cnap a' Leasa. Do chaith sé a glaodhach trí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí