Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Buachaillín Fíor Óg
1.
Ar éirighe 'nac indé dhom, trí néal dom, 'san mhaidean cruinn,
Cé casfaí 'rm ach spéirbhean dob' aolás 's dob áile gnúis'.
Bhí árid a cíoch cruinn caor-ghlas a's a píbín mar ealla 'r chuan,
A's isé mo mhíle léan-chreach gan mé 's í seal 'ná suan.
2.
Ó do raghainn anonn 'on Gréig leat, a chéud searc 'sa mhíle stór,
A's do thiocfainn thar n-ais go Éirinn ag éisteacht le fuaim do ghlór.
Ní iarrfainn-se mar spré leat ach céad is dhá mhíle póg,
A's a stór 'sa phlúir ban Éireann, ná tréig-se 'r an buachaill óg.
3
Do shiúbhalóchainn-se 'n móid sin, Duthéide 's Chonntaé 'n Ríogh,
Nó gach baile puist i nÉirinn a' pléreacht le stór mo chraoidhe,
Ní bheinn for magaidh géarla (géar léi) ná aon aos den fhlít (?)
A shearc 'sa rún ban Éireann, an spéirbhean a m'úrla binn.
4.
Ní ar do ghoirtín órnan a stóirín do thugas grádh
Ná ar do chúpla cómharla de'n ór bhuidhe dá mbeidís lán.
Do chapall ná do bhólacht go deó deó ní thabharfainn tábhacht,
Ach bhlaisfinn do chúpla póigin is ba dhóigh liom iad ab’fheárr.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Díarmuid Ó Bríain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí