Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bruach na trágha do bhailiú agus do shábháilt.
Ciseach: Nuair a bhíonn ar daoine capall agus trucaill do thógáilt thar sruth nó thar áit bog sruthánach i gcorrach nó i bportach, cuirid an-chuid luachra is driseóga is géaga isteach ann go mbíonn sé ion-gabhála. Is feidir leis an uisge sleamhnú tríd fé. Tugtar ciseach ar sin. Is minic a cailltear capall ann.
Péinseachán/ Gráinseachán: Cruithneacht agus bainne agus siúcra, beirthe go maith. Is minic a deintear é oidhche sguiraidheachta.
Clubárd: Cruithneacht do théigeadh go mbíonn sé so-bhriste nach mór. Annsan mea nó siúcra do mheasgadh tríd agus an meascán go léir do chiméad ar síor chasadh ar eagla a dhóighte. Nuair a bhíonn sé beirithe go leór deintear lathróidí de agus cruadhann siad go mear. Bíonn sé an-bhlasta ach ní h-aon maith bheith a' gabháil do gan na fiacla go maith agat.
Fuair-chúiseach: Duine mí-dhóchasach, an béul bocht i gcomhnuidhe.
Clúibín: 'Si bró ná dhá leach ar a chéile, iad cearcallach agus poll i lár lice aca. Poll beag ar an lic a bhíonn fé agus cipín adhmaid sáidhte istigh ann a théidheann tré pholl na lice eile chun í 'chiméad i n-áit agus í á casadh. Tugtar cliúbín ar a' bpíosa adhmaid sin.
Gabhaguirí: Nuair a bhíonn cluiche cártaí ar siubhal, bíonn dream ag feuchaint ar na h-imirtheoirí i gcomhnuidhe. Tugtar gabhaguirí ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)