School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 314
  3. XML “Ceirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh fear ag gabháil tímcheall fadó ag bearradh géun' agus bheireadh sé leis an clúmh. Rónadóir a thugaidís air mar b'in é ainm na céirde a bhí aige.
    Fadó do deintí gual do'n gabha as an móin sa phort. Is amhlaig a deintí poll mór sa phort agus cuirtí seacht nó ocht gcribeanna móna isteach ann, cloch móin is mó a cuirtí ann. Cuirtí teine sa mhóin annsan agus do clúdaítí an poll le carta i dtreó ná raghadh aon aer isteach ann. Ní bhíodh an mhóin ach leath dhóighte agus do dheineadh sé an adhbhar teine do'n ghabha sa cheárdchain.
    Lapaí coilig.
    Fadó ní dhíolaidís na coilig go dtí go mbídîs bliadhain nó bliadhain go leith d'aois. Chuireadh cuid de's na daoine lapaí fútha déunta de balcuis nó de phíosa leathair i dtreó ná déunfaidís domáiste sa gháirdín a bheadh i n-aice ' n tíghe.
    Bearradóir
    Bhíodh fear speisialta ag an Ridire chun bataí giúmhaise do bhíodh sa phort do bhaliú chuige. Bearradóir a thugaidís air. Is amhlaidh a bhíodh bior fada aige tímcheall deich dtroighthe ar fhaid. Théigheadh sé go dtí an port maidin drúchta agus do bheadh fhios aige cá mbeadh an bata sa phort mar ná beadh aon drúcht sa phaiste ó's cionn an bhata. Annsan do shádhthach sé an bior síos sa talamh féuchaint cad é an doimhneacht a bhí an bata fé'n dtalamh. Nuair a bhéadh an bata aimsighthe aige do leanadh sé air ag sáthadh féuchaint cad é an fhaid agus leithead
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Muláin
    Gender
    Male
    Age
    59
    Occupation
    Oibrí
    Address
    An Muirneach Beag, Co. Chorcaí