Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    crúdh, mar dá ndéanfad do bheadh im na bó san aige i rith na bliana
    6) Lá Bealtaine do théighead na cailíní amac agus pé dath a bheadh ar an gceud seilmide a chífidís, déarfaidís gurbh é sin an dath a bheadh ar ghruaig an fhir a phósfad sí. Dá mbead adharca na seilmide sínte amach deirtí go mbead sé cancarac agus núair ná bhead aon adharc air do bhead sé ciúin cneasta
    7) Núair a geibheann duine bás stoptar an clog agus núair a bhítear ag breith an chuirp go dtí an séipéal deintear na cathaoireaca go léir sa chistin a leagadh
    8) Deirtear gur cheart éadaig an duine mhairbh a chaitheamh ar fead trí Domhntaighe ag dul go dtí an t-Aifreann
    9) Dá mbead faithní ar duine do dhéanfad sé iad a cóimhreamh, agus annsan do geobhad sé mála páipéir, agus do cuirffhead sé cloc i gcóír gach faithne isteach ann, agus chuirfead sé i lár an bhóthair iad, agus ceapfadh sé dá dtógad aoinne iad go n-imtheócad na faithní go dtí an duien sin.
    10) Deirtear nár cheart cártaí a dhógadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí