Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Cuntas i dtaobh Ceann Droma”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus is cuimhin le sean-daoine an bhaile go mbíodh sé tighte den sort san ar an mbaile ach níl a luath ná a láthair san ann anois. Tighthe cinn slinne ab eadh iad san leis.
    Tá páirc áirighthe san mbaile agus deirtear go raibh dó no trí de tighthe ann timpeall céad is a caogadh bliain ó shoin.
    Sé an sloinne is coithcheannta sa mbaile na Croinín, ach tímpeall caogadh bliain o shoin bhí trí clainne den sloinne Cholmáin agus tri clanna den sloinne Croinín. Ach do chúaidh an sloinne Cholmáin in éag le h-imeacht aimsire agus níl ach aon clann amháin de sloinne sin fághta anois.
    Tá Gaédhluinn ag gach aoinne ar an mbaile agus labhrann síad é agus tá seisir duine os cionn seachtomadh ann a cuirfeadh Gaédhluinn isteach i bpoll claidhe le cipín. Sé an slí beathadh atá ag na daoine na feirmeoireacht. Timpeall deich mbliadhna o shoin do chuaidh roínnt daoine go h-America ach le déanaí níl aoinne ag dul thar lear.
    Tá an baile na luighe istig idir dhá abhainn an Sullán Beag agus an Sullán Mor. Sgarann an Sullán Beag é ar an dtaobh Thuaidh ó Cathair Dáithi agus sgarann an Sullán Mór é ar dtaobh theas o Cúil-an-Bhuacaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Máire Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Colmáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    96
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí