Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Cuntas i dtaobh Cloch Adhnadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    said geartha amach ar charraig agus tá carraig ós a gcionn agus tá sé leibhéalta ar nós éadan duine. Idir an dá tobair tá cloch ar nós na sróna agus an dhá thobair mar an dá súil. Tá said timpeall cúig troighthe ar doimhineacht. In aice leó tá cloch cearnógach agus tá rian deich méaranna ar an gcloch. Is mar a chéile an dá tobar ach amháin gur dath buídhe atá ar uisge ceann acu agus dath uaine ar uisge an ceann eile.
    Tá carraig eile i gCloch-Adhnadh agus tá coise duine air . Deirtear gur Naomh Laictín a bhi ag siúl air.
    Tá seana roilg leis i gCloch-Adhnadh agus tá alán gallán mor tímpeall na h-áite leis. Do bhí seipéal ann leis fadó ach níl aon rian de ann anois ach amháin go bhfuil carn mór cloch ann.
    Is i gCloc-Adhnadh do cómhnuigh an Tighearna Talmhan a bhí ar an gceanntar seo. Doctúir De Balbhain ab ainm dó agus do bhí tig breágh fairrsing aige thíar i gCloch-Adhnadh. Do bhí gach aon rud ag dul i gceart leis, agus do bhí sé ag déanamh go maith mar do bhí alán cíosa á fhaghail aige ós na tineóntaithe, agus do bhíodar ag déanamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cloch Eidhneach, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Loinsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cloch Eidhneach, Co. Chorcaí