School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 315](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_315.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 315
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)said geartha amach ar charraig agus tá carraig ós a gcionn agus tá sé leibhéalta ar nós éadan duine. Idir an dá tobair tá cloch ar nós na sróna agus an dhá thobair mar an dá súil. Tá said timpeall cúig troighthe ar doimhineacht. In aice leó tá cloch cearnógach agus tá rian deich méaranna ar an gcloch. Is mar a chéile an dá tobar ach amháin gur dath buídhe atá ar uisge ceann acu agus dath uaine ar uisge an ceann eile.
Tá carraig eile i gCloch-Adhnadh agus tá coise duine air . Deirtear gur Naomh Laictín a bhi ag siúl air.
Tá seana roilg leis i gCloch-Adhnadh agus tá alán gallán mor tímpeall na h-áite leis. Do bhí seipéal ann leis fadó ach níl aon rian de ann anois ach amháin go bhfuil carn mór cloch ann.
Is i gCloc-Adhnadh do cómhnuigh an Tighearna Talmhan a bhí ar an gceanntar seo. Doctúir De Balbhain ab ainm dó agus do bhí tig breágh fairrsing aige thíar i gCloch-Adhnadh. Do bhí gach aon rud ag dul i gceart leis, agus do bhí sé ag déanamh go maith mar do bhí alán cíosa á fhaghail aige ós na tineóntaithe, agus do bhíodar ag déanamh(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Loinsigh
- Gender
- Female
- Address
- Cloch Eidhneach, Co. Cork