Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)roinnt de geir, agus cuirtí an tslat ar crocadh ós chíonn árthac eile i gcás ná imtheócadh pioc den geir amughadh. Deintí é seo leis na deich slat. Do leantaí leis an dtomadh ar an gcuma san cun go mbíod na coinnle (?) mór a ndótain. Da dtéídeadh an tuisge i bhfuaire sar a mbíodh an obair críochnuigthe cuirtí tuile uisge te ann. Bhí cúpla tig sa tsráid baile ag déanamh coinnle cun iad a dhíol. Seo mar a dheinidís iad.Bhí bosga mór cearnógac stáin acu, agus poill tríd an gclúdac mór a dhóthain cun na múnlaí dhul tríotha. Bhí béul gach múnla leathan i dtreó ná théideadh sé tríd an bpoll. Bhí cuimhas mór thimcheall béal an bhosga cun an geir leaghta do coiméad gan sgú. Do sgaoiltí an gheir leaghtah amach ar an gclúdac, d'imthighead sí isteach ins na múnlaí. D'fágtí mar sin iad cun go mbíód an geir fuar; annsan deintí iad do tharrac amach. Deintí dhá dhosaon déag sa turas ar an gcuma san.
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí