School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 341](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_341.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 341
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)roinnt de geir, agus cuirtí an tslat ar crocadh ós chíonn árthac eile i gcás ná imtheócadh pioc den geir amughadh. Deintí é seo leis na deich slat. Do leantaí leis an dtomadh ar an gcuma san cun go mbíod na coinnle (?) mór a ndótain. Da dtéídeadh an tuisge i bhfuaire sar a mbíodh an obair críochnuigthe cuirtí tuile uisge te ann. Bhí cúpla tig sa tsráid baile ag déanamh coinnle cun iad a dhíol. Seo mar a dheinidís iad.Bhí bosga mór cearnógac stáin acu, agus poill tríd an gclúdac mór a dhóthain cun na múnlaí dhul tríotha. Bhí béul gach múnla leathan i dtreó ná théideadh sé tríd an bpoll. Bhí cuimhas mór thimcheall béal an bhosga cun an geir leaghta do coiméad gan sgú. Do sgaoiltí an gheir leaghtah amach ar an gclúdac, d'imthighead sí isteach ins na múnlaí. D'fágtí mar sin iad cun go mbíód an geir fuar; annsan deintí iad do tharrac amach. Deintí dhá dhosaon déag sa turas ar an gcuma san.
- Collector
- Nóra Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork