Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí liosanna i gceanntar na sgoile seo againne, ceann aca ar bhárr cnoc Cathair Dáithí, ceann i nDoire an Tóchair agus an ceann eile i gCathair Ceírín. Do bhíodh alan sgeulta ag gabhail leo san ach táid imthighthe anois, íad go léir nác mór.Tá an lios ar bhárr an cnuic cruinn. In aimsear na Black and Tans do dhein fir éigin a bhí ar a gcoiméad poll mor 'na lár i dtreó is go mba fhéidir leó dul síos ann. Deirtí go bhfuil casán ag dul ó'n lios san go dtí lios Deire an Tócir ac ní bhfuaradar é in aon cor. Tá crann na sgeice gile ag fás i lár an leasa agus bannc cré mor thímcheall air. Ins an bpáirc in aice leis an lios tá fáinne mor ar a glaodhtar "an chathair." Tá crainn curtha ann anois. Deirtí go n-airightí capaill ar cos anáirde ins an bpáirc sin, agus timceall fice blian ó shoin do bhí fear ag dul abhaile ó bheith ag obair sa cómharsanacht agus nuair a bhí sé ag dul treasna paírce in aice leis d'airig sé íad. Do bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Lil Ní Íde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Éadain, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Cnoc Sathairn, Co. Chorcaí