Scoil: Ladhar (C.), Bán-Tír (uimhir rolla 8665)
- Suíomh:
- An Ladhar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Síle, Bean Uí Chéilleachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thuit Lá le Stiofáin ar Dé Domhnaig an blian seo caithte. Tháinig buacaillí go dtí ár dtig an lá sin ag bailiú airgid chun an dreóilín do chur. Bhí craobh cuillean in a lamhaibh acu agus bhí ribíní ceangailthe mór thimcheall air chun é a mhaisughadh agus bhí dreoilín istig i lár baill ann. Bhíodar ag canadh "Amhrán an Dreóilín". Tháinig beirt fear comh maith agus bhí agaidhthe fidil ortha agus bhí culaith éadaig stracaithe ortha. Bhí gleás ceóil aca agus bhíodar ag seinnt air. 'Sé an fáth a bhítear ar thóir an dreóilin an lá sin na san. Nuair a bhí na saighdúirí ar thóir Naomh Stiofáin do thóg sé sos fé crann. Nuair do chonnaich sé na saighduirí ag teacht do rith sé suas an crann agus tháinig na saighdúirí agus shuidheadar fé'n gcrann agus ní fhacadar Naomh Stiofáin in ao'cor.
Bhí dreóilín in áirde ar an gcrann agus do dhein sé fothrom le'n a sgiathán agus d'féuch na saighdúirí suas agus do connacadar Naomh Stiofáin agus do rugadar air agus do caitheadear cloca leis agus do marbhuigheadear é agus marbhuigheann na buacaillí an dreóilín ó shoin i leith.- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann