Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File gur leath a chlú go foirleathan ar fuid na Mumhan agus níos sia amach a beadh Mícheál Ó Longáin. Gaedhil dutrachtach do beadh é mar ba dhual agus ba dhuthchas dó. Tháinig a athair óConntae Luimnigh sa droch shaoghal. Do bhí oifig ullamhnachta aige fé'n nGearaltach Ridire an Ghleanna. Ach nuair a chaill an Gearaltach an oigreacht stáit a bhí aige, toisg gur iompuigh a dearbráthar óg agus gur tugadh an oigreacht dó-san, béigean do'n Longáineach féin imtheacht agus dul le fuacht agus le fám 'na sgolaire bocht. Do thiomáin sé roimis aníos ó Luimnig agus é ag bailiú an léiginn chuige agus ag múineadh i ngan fhios idir dá linn. Níor stad sé gur bhuail sé Carraig na bhFear - é féin agus a bhean agus a chlann óg. Cuireadh sgoil sgailpe suas cuige agus saghas tig-chomhnuighthe san áit sin ar a dtugtar "Baile Ata Mhaigir" ag Corradh sa bhothar idir Dún Bolg agus Tobairín Maigir. Is annsan rugadh Mícheál Óg Ó Longáin an file gaedilge ba thábachtaighe do mhair in Éirinn le'n a linn féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)