School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- File gur leath a chlú go foirleathan ar fuid na Mumhan agus níos sia amach a beadh Mícheál Ó Longáin. Gaedhil dutrachtach do beadh é mar ba dhual agus ba dhuthchas dó. Tháinig a athair óConntae Luimnigh sa droch shaoghal. Do bhí oifig ullamhnachta aige fé'n nGearaltach Ridire an Ghleanna. Ach nuair a chaill an Gearaltach an oigreacht stáit a bhí aige, toisg gur iompuigh a dearbráthar óg agus gur tugadh an oigreacht dó-san, béigean do'n Longáineach féin imtheacht agus dul le fuacht agus le fám 'na sgolaire bocht. Do thiomáin sé roimis aníos ó Luimnig agus é ag bailiú an léiginn chuige agus ag múineadh i ngan fhios idir dá linn. Níor stad sé gur bhuail sé Carraig na bhFear - é féin agus a bhean agus a chlann óg. Cuireadh sgoil sgailpe suas cuige agus saghas tig-chomhnuighthe san áit sin ar a dtugtar "Baile Ata Mhaigir" ag Corradh sa bhothar idir Dún Bolg agus Tobairín Maigir. Is annsan rugadh Mícheál Óg Ó Longáin an file gaedilge ba thábachtaighe do mhair in Éirinn le'n a linn féin.(continues on next page)