Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)

Suíomh:
An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Leighin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 576

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0382, Leathanach 576

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glashaboy
  2. XML Leathanach 576
  3. XML “Mícheál Ó Longáin - 1770c.-1840c.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bí sé fásta suas 'na fhear óg, do bhí Art Ó Concubhair ag gabháil tímcheall ag obair go rúnda dos na gaedhil aontuighthe. Do ghlach sé Mícheál Óg isteach sa Cuman sin, agus ó'n lá glachadh leis, d'oibrigh sé go dian idtreó gur beag buachaill óg sa cheanntar nár thug sé isteach sa gluaiseacht rúnda. Bhídís ag drileáil ist oidhche ig ngan fhios in áiteanna iargcualta.
    Tá na láimh-sgríbhinní do sgríobh sé féin againn agus tuairisg ionnta ar an seirbhís mór náisiúnta do dhein sé fé sgáth an cumain rúnda san. Do bé chuid dá ghnó dul tímcheall le teachtrachta agus tuairisgí ó champa go campa de'n cumann. Do bhí an duthaigh lá de spíaraí an uair úd agus do bhí Micheal i bpoinnc go minic leó. Tá an chuid sgéalta agus eachtraí ar Micheal i mbéal na ndaoine san duthaigh seo.
    Deirtear go raibh sé páirteach san eirghe amach i Loch Gorman agus gurb ann a sgríobh sé "Maidin Luain Cingcíse ag tromaideacht ar na Muimnigh nár eirigheadar amach leis an chuid eile de'n tír.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge