Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)

Suíomh:
Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Tomás Lotrail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0563, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0563, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Gharrdha (B.)
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Bailte Fearainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (ar leanamhaint)

    Fearann Ruaidhrí:
    Rory's land. (Farranrory) Baile Fhearainn mór é seo. Tá caisleán ann. Ba le fear darbh ainm "Fainín" é. Do mhair sé in-aimsir Cromail timcheall na bliadhna 1649.
    Bhí dhá chaisleán eile aige - ceann acu in-aice Baile an Gharrdha agus ceann eile i Mágh Thobair. An caisleán atá i bhFearann Ruaidhrí fotharach is eadh é anois.
    Sa cheanntar so freisin do throid na h-Éireannaigh Óga (Smith Ó Brian i gceannas) i gcoinnibh na bpiléirí. An tigh n-a raibh an cogadh tá sé ann fós: "The War House" tugtar air.
    Bí mainistir ann 'sa t-sean aimsir agus sean scoil ach níl a rian ann anois. Bhíodar in-aice an chaisleáin. Sa bhaile fearainn seo tá a lán páirceanna le h-ainmneacha Gaodhlacha mar atá:-
    Garrdha-n-Alltar
    Clas Smután
    Garrdha Céin etc.

    Sceichín:
    Sceach Bheag - Na sceacha atá ann ní fásan ró-árd. Ní miste sceichíní ghlaodhach ortha. An cré buidhe fé ndear iad beith íseal. Tá sé le h-ais Baile an Gharrdha.

    Tinnock:
    Tigh an Chnuic - in aice Baile an Gharrdha. Tá CNOC ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann