Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)
- Suíomh:
- Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Tomás Lotrail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Gharrdha (B.)
- XML Leathanach 125
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá leasanna nó ráthanna go flúirseach ar fuaid an pharóiste. An cuma céadna ortha go leir.Cuma cruinn ciorclach: cruinn-sceaca de ghnáth ag fás ar imeall an leasa - lom istigh in a lár.
agus dígh doimhin 'na timcheall. Tógadh iad ar chnoc nó árdán i dtreó go bhféadfaídhe an ceanntar d'infhínchadh mágcuaird.Creidtear go bhfuil cómhnuidhe ar na sídheóga ionntga anois agus bfearra dhuit gan an lios do bhacaint mar thiocfadh mí-ádh éigin ar an té a ghearrfadh na crainn.Cloistear a lán sgéalta idtaoibh na leasanna agus na sídheóg agus déanfaimíd na sgéalta is tábhachtaighe ortha do scríobhadh síos ar leathanach eile.
Tá ráthanna sna bhailte fearthainn seo:-Gort na Scológ
Gleann Gall
Baile an t-Sagairt
Garrán
Lios na mBroc
Lios Mailín
Sídheóga: Leipreachán: an fiadhach marbh