Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)
- Suíomh:
- Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Tomás Lotrail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chloigeann. Cuireadh go Baile Átha Cliath é agus deineadh an cloigeann d'fuagháil ach fuair sé bás indeire na scríbe. Chonnac an cloigeann le déanaighe nuair bhí driothair de Sheoirse dá chur agus chífeá rian na fuaghála go soiléir sa phlaosg.
Leagmhas eile
Bhí buidheann ceóil ag an dá dream agus mar dubhart cheana bhí tiúin speisialta acu a spreagaidís suas nuair chasaidís ar a céile. Uair dá gcasadar ar a céile i Mágh Thobair d'eirigh an toirmeasc mar ba ghnáthach agus gearradh na dromaí. Annsan do throideadar le sceana agus marbhuigeadh beirt Fox agus Ó Brian. Fuair Ó Brian bás ar an láthair ach do mhair Fox go dtáinig an sagairt mar fágadh an scian n-a bhrollach ach d'éág sé nuair tharraing an sagart an scian.Tá a sliocht na gcómhnuidhe sna ceanntracha céádna: mar atá Baile an t-Sagairt Sean Gharrdha Mágh Tobair agus daoine ciúine síothchánacha is eadh iad.
Fox = Sionnach