Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 353 An droch-saogal.
Is deacair a thuiscint sgeul úathbás na sean-daoine a mhair ins an droch-aois .Fadó bhí an oiread fé dhó de dhaoine sa cheanntar agus a bhfuil ann anois ach in aimsear an Gorta i mbliáin 1846,'47' 48 bhiodar ag fághailt bháis ina dosaónaibh.
Thánaig an dubh ar na prátaí agus theipeadar ach creidtear gur fhás an oiread de críocán a dhein síolta i gcóir na haith -bhliana.
Bhíodar chómh beag san go bhféadfaí iad a scaipeadh mar a scaipfeá síoltai.Ní haon ioghna daoine a feiscint fuar marbh ar thaobh an bhóthair agus ríain féir in a beólaibh.Im' cheanntar féin fuair a lán daoine bas mar ta fothracha de na tighthe ina rabhadarina gcómnuidhe fós le feiscint.'Sé an bíadh ciotcíann a biodh aca na turnaipí agus geanna.Cómnuigh fearim'cheanntar agus chas sagart air lá ,"na cuir aon prátai go deó a fhear ,ní fhásfaidh síad coidhche "arsa sé ac is dócha gur thug an fear an cluas bodhar dó agus bhí an ceart aige.- Bailitheoir
- Nóra Ní Conaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glen South, Co. an Chláir