Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 146
Cill Stiphín.
Tá scéal ait ag baint leis an áit seo ,gach la chímíd na tonntracha ag briseadh os cionn na h-áite amuighsan Fharraige Mhór. Deireann na daoine go bhfuil tír- eolais go fairsing acu go raibh oileán ann fadó,fadó ,agus go raibh draoideoír comhachtach in- a comnuidhe ann.Do theigheadh an draoi seo ar "táin bó"go dtí an meadhon tíre.Uair amháin chúaidh sé go Ceann Léime agus sar ar chúaidh sé do chuir sé an oileán fén uisce trí draoideacht.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus scata bó aige ,do lean triúr fear é agus choiméadadar suas leis in aice le "Creachlán"'Sé "Creachlán"ná an áit a theigheann abha Innisdíomáin isteach sa bhfarraige .D'éirig cath mór millteach eatortha agus do mharbhuigheadh an draoieóir. Ní raibh aoinne ábalta an t-oileán a thabhairt go bárr an uisce agus dá dheascaibh sin tá sé fé'n uisce fós.
Deirtear go bhfuil sé so-fheicte uair gach seachtmhadh blian ach an duine a chíonn é gheibheann sé bás go luath. Deirtear freisin dá gcaithfádh an duine a chífeadh é mám cré ruadh uirthian uair sin go bhfanfadh sé ar snámh .
A saying locally in connection with Cill Stiphín is that it will yet come to the surface and when it will Lahinch will be drowned.
" Cill Stiphín a bhí leacht a bheidh".