Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 201
Tithe na Seanaimsire.Tighthe deanta de cre a bhiodh ann fado.Falla feidín a tugtai orthu.Tá cuid díobh le fághail ar fud na tíre fós.
Ceann tuighe a bhiodh ortha .Seo mar a deintí iad.Gheobhaidís an cré ar dtúis agus annsan shiubhailidís air agus chuiridís fraoch innte.Deanaidís troigh de annsan agus d'fhagaidís ins an cuma sin ar feadh mí nó mar sin .Leis an slighe sin deanaidís na tighthe Cré a bhíodh san urlar freisin.Bhíodh an teinteán i gcoinne an piniúra. Seimné deanta de adhmad agus sugán a bhíodh ann ,agus biodh leath doras í ngach tigh fadó.
Bhíodh leabaidh sa chistin í n-gach tig agus is iad na buachaillí a gcodluigheadh ionnta.Bionn leabaidh ins gach tig anois acht "settle beds"a tugtaí ortha.Ni bhiodh aon doras ins na tighthibh fadó acht bhí poll fághta aca ins an falla agus ins an oidhche cuiridís súgán istach ins an poll.
Ní biodh gual aca fadó chun an teine do dheanamh acht móin agus sliseóg.
Bhíodh sliseog agus raithnigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Thailtigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Tailtigh
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tooreen, Co. an Chláir