Scoil: Sliabh na Lice, Sráid na Cathrach
- Suíomh:
- Sliabh na Lice, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Cionnfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)204
leo,agus nuair a bhídís ag dul isteach chun na cathrach do chuirfidís na bróga ortha agus do bhainfidís díobh íad ins an áit céadna ag teacht abhaile].
Bhí bean ann uair amháin ,bhí comhnuidhe uirthi i Moy .Uair amháin fuair sí peidhre bróg nua agus bhí grádh mór aici ortha .Lá amháin chuaidh sí go Sráid na Cathrach agus thug si na bróga léi.Nuair a tháinig sí in aice na cathrach chuir sí na bróga uirthi agus do bhain sí dí íad san áit céadna arís.Nuair a bhí sí ag teacht abhaile bhuail sí buille dá cos i gcoinnibh cloch agus do thosnuigh sé ag cur fola -ó ar sise tá áthas orm nach mo bhróga nua orm.
Deirtear san áit seo nach ceart uisce na gcos do chaitheamh amach tar éis tuitim na h-oidhche ná é d'fhágaint istigh i rith na h-oidhche.- Bailitheoir
- Máire Ní Fhreathaile
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Tailtigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tooreen, Co. an Chláir