Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-AimsireTá alán comharthaí ag na daoine san áit seo i dtaobh na h-aimsire. Tugann siad aire do na h-éanlaith, do na ranna neimhe agus do na hainmhidhthe agus is ortha san a bhíonn siad a’braith.
Má bhíonn na fainleóga ag eitilt íseal ins an samhradh comhartha báistighe é sin.
Ma bhíonn an spideóigín ina seasamh ar bharr chrainn ar maidin deirtear go mbeidh an lá go breagh.
Má bhíonn an lá fliuch agus má chloiseann tú an smólach ag cantain stopfaidh sé den bháisteach.
Maidir leis na ranna neimhe –
Deirtear má bhíonn ceo timcheall na gealaighe sin comhartha báistighe.
Ma bhíonn na réalta go han geal bíonn se a’cur seaca.
Ma bhíonn an ghrian dearg is é a dul fé sin comhartha d’áilneacht is teas.
Má bhíonn breis teasa san ngréin beidh go leor fearthainne ann.
Nuair a thagann ceo ar Shliabh Chailceach agus nuair agus nuair a théigheann sé suas go dtí an bearna mór atá sa Sliabh deagh-chomhartha é sin.
Má théigheann sé síos droch-chomhartha seadh é sin.
Ceapann daoine go mbíonn na sléibhte níos goire dóibh uaireannta ná a chéile agus uaireannta ceapann go bhfuil siad an-fhada uatha. Deagh-chomhartha é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin