Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Micheál Mac Samhráin uncail do Phadraig.
Rugadh é i dTullaigh Crafton freisin agus chuaidh sé ar sgoil san áit sin. Chaith sé tamall an-fhada ann agus chuaidh sé go Glas Naoidhean agus bhí sé a’ foghluim ins an gcoláiste ann. Lá amháin bhí sé amuigh a’ siubhal agus chonaic sé ticéidí a ndíol. Cheannuigh sé ceann ar raol agus tamall in a dhiaidh sin fuair sé litir a’ rádh leis go raibh cead aige An tSeamar Mhuire nó céad punt a thoghadh. Pé ar bith é do thogh sé an céad púnt agus sé an chéad rud a rinne sé ná cúig phúnt a thabhairt do na mná Riaghalta agus trí phúnt a chur abhaile chuig a mháthair a bhí i ndroch shláinte. Chuaidh sé go Ameirioca agus d’éirigh leis bheith in a dhochtúir san airm agus shaothruigh sé go leor airgid. Fuair sé bás tamall ó shoin agus chuir sé ós cionn sé céad punt abhaile chuig a ghaolta. “Go ndéanaidh Dia trocaire air.”Philib Mac Samhráin. Shiubhail sé go dtí Baile An Chabháin trí huaire in dhiaidh a chéile agus go dtí dhá aonach a bhí in Damhsraith – iad go léir an seachtmhain céadna. As Cairnmaclean é.Brigid Nic Shamhráin. Shiubhail sí go dtí baile An Chabháin agus ualach trom de bhiadh uirthi le haghaidh a fir a bhí sa phríosúin.Tomás Mac Samhráin as Corraglass. D’éirigh sé maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin