Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 245](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_245.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 245
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amháin is chuaidh sé go dtí an portach agus thug sé abhaile leis cliabh móna. Annsin chuaidh se go dtí bundobhráin chun a chéile agus a mhac a fheiceáil. Bhí siad ar laethe saoire ann ar mhaithe le na sláinte. De shiubhail a chos a chuaidh sé ann. Shrois sé bundobhráin. Chonnaic sé na daoine agus shiubhail se abhaile. Bhí se ag a theach féin sul a raibh an ghrian imthighthe faoi. Spealadóirí. Micheál Ó Doláin as Tullaigh na Croise. Bhain sé acra talmhan de féar in ocht uaire.
Tomás Mac Samhráin as Derrynananta. Bhain sé acra talmhan de fhéar i lá amháin.
Peadar Ma Giolla Phádraig as Moneensauran. Chaith sé leath de cwt. 20 troighte uaidh.
Micheál Mac Samhráin as Moneensauran. Thóg sé cloch in a láimh is choimeád sé an lámh díreach suas san aer is an chloch air.Rinnceoirí. Feilix Ó Doláin agus a dhearbhráthair Proinnsias bhí siad go han mhaith ag an damhsadh. Sé fear go dtugtaí "Piper Heeron" a mhúin dóibh é agus bhíodh sé á seinm ar na píopaí. "Jigs" is "Hornpipes" a bhíodh ar siubhal ag an bheirt rinnceoir. Tá colceatharacha dóibh in a mbeathaidh fós - Caitlín ní Sheannon(?) agus Séamus agus is féidir leo seinm ar an "bheidhlin" agus bhuaidh Caitlín go leor duaiseanna ag na feiseanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin