Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)de bharr damhsadh. Is ó Flilix agus Pronnsias a fuair Caitlín agus Séamus an damhsadh.
Padraig Ó Doláin as Tullaigh na Croise. Bhí sé go han mhaith ag an damhsadh agus lá amháin bhí sé ag an margadh in Innis Ceithleann is é ag díol tubán ime. Bhí fear eile darbh ainm dó Cathal Mac Samhráin agus bhí seisean a' damhsadh ar chlar an tubáin, agus a leigint air go raibh sé go han mhaith ag an damhsadh. "Ára" arsa Padraig tá mise inonn damhsadh a dhéanamh chomh maith leatsa". "Tá go maith ar seisean fan go bhfeicimíd". Cheannuigheadar leat galún fuisge agus dubhairt siad go mbéadh sé mar duais ag an rinnceoir is fearr den bheirt. Dubhairt Padraig go raibh sé fluich in a bhróga agus tuagadh péire tirm dó. Chuaidh an bheirt isteach i seomra leathan agus thosuigh siad ag damhsadh. Ní túisge thosuigh mo dhuine Padraig ag damhsadh ná b'éigean do Chathal seasamh suas. Fuair Padraig an leath galúin. Bhí cáirde ag Cathal agus daoine eile a bhí ag sesamh an fóid do Phadraig. Ar na daoine sin bhí uncail do mo mháthair - Tomás Mac Samhráin. Deirim-se leat go raibh Padraig is a cháirde meidhreach ag siubhal abhaile dóibh an tráthnóna sin.
Fuair mé é sin ó m'uncail-
Tomás Mac Siordan
Moneensamhráin
Gleann-Gaibhleann- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin