Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Carraig an tainm atá ar mo bhaile agus Gleanngaibhleann mo pharóiste. Baile an-bheag seadh é agus níl ach ceithre líontighe amm - tuairim is fiche duine nó mar sin. Mac Samhráin an tainm is coitchianta le fághail.Díon slinne atá ar chor cheann de na tighthe ach díon tuighe atá ar a bhfurmhór. Tá beirt nó trúir sean daoine in a gcomhnuidhe ann agus innsigheann siad sgéalta - Sgéalta béarla agus Sgéalta Gaedhilge. Séamus Harte ach nil aon ghaedhilg aige-san agus Siobhán Maguidhir, An Charraig, Gleanngaibhleann. Tá sgéalta béarla agus gaedhilge aice. Bhí i bhfad níos mó tighthe in mo pharóiste fadó ná mar atá anois. Bhí breis agus trí fichid tighthe ann agus níl in a náit ach na fothraca. Nuair a bhí an Ghorta sa cheanntar d'imthigh na daoine go Ameirioca chun slighe beatha a bhaint amach dóibh agus d'fhanadar sa tír sin.Tá amhráin bhreaghtha fé Gleanngaibhleann le fághail thart annseo agus cur síos ionnta ar na sléibhte breaghtha agus ar an tSionainn a éirigheann i Sliabh Cailceach.Scíobh Proinnseas Mac Samhráin, -Moneensamhráin amhrán fé mo pharoiste féin. Seo thíos é.There are many bright spots in this green world of ours,That nature has robed in her brightest of flowers(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin