Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach cor-ar bith.Scaipeann cuid des na daoine bláthanna ag an doras an lá sin freisin.
Oidhche Lae Shain Sheain (an ceathramhadh lá fichead de mí Mheithimh) Deintear teinte mhóra cnámh ins gach baile agus bíonn na daoine ag rinnce in a dtimcheall go dtí go mbíonn sé deireannach san oidhche agus de réir mar a bhíonn an lasair ón dteine ag dul i laighead bíd a' léimnigh tháirstí.
An cúigeadh lá déág de mhí Lughnasa. An lá sin seadh a théigheann na daoine go dtí na tobair bheannuighthe.
Lá Fhéile Mhartain (an taonmhadh lá déág de mhí na Samhna) An lá sin marbhuigheann na daoine cearc nó rud mar sin agus scaipeann siad an fhuil ar an urlár is deineann siad crois ar an doras leis an fhuil chomh maith.
Oidhche ShamhnaOidhche mhór ghrinn ag na Gaedhil seadh Oidhche Shamhna - an taonmhadh lá triochad de Dheire Foghmhair. Bíonn suipéár mór ins gach tigh an oidhche sin agus deintear bairín-breac i gcóir an tsuipéir agus cuirtear alán neithe isteach ann mar atá - fáinne, raol agus piosa lasán. An duine gheibheann an fáinne is é is luatha pósfar; an té gheibheann an lasán is é is luatha caillfear agus an té gheibheann an tairgead beidh saidhbhreas aige. Imirtear alán cluichí seachas an ceann sin agus is dócha go mbíonn an aos óg tuirseach sáruighthe ag dul a chodhladh dóibh.
Lá 'le StiopháinAn lá sin téigheann sgata buachaillí amach le dreoilín mharbh agus iad gléasta go greannmhar; bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin