School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 302

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 302

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 302
  3. XML “Gnása i dtaobh Féilí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amach cor-ar bith.
    Scaipeann cuid des na daoine bláthanna ag an doras an lá sin freisin.

    Oidhche Lae Shain Sheain (an ceathramhadh lá fichead de mí Mheithimh) Deintear teinte mhóra cnámh ins gach baile agus bíonn na daoine ag rinnce in a dtimcheall go dtí go mbíonn sé deireannach san oidhche agus de réir mar a bhíonn an lasair ón dteine ag dul i laighead bíd a' léimnigh tháirstí.

    An cúigeadh lá déág de mhí Lughnasa. An lá sin seadh a théigheann na daoine go dtí na tobair bheannuighthe.

    Lá Fhéile Mhartain (an taonmhadh lá déág de mhí na Samhna) An lá sin marbhuigheann na daoine cearc nó rud mar sin agus scaipeann siad an fhuil ar an urlár is deineann siad crois ar an doras leis an fhuil chomh maith.

    Oidhche Shamhna
    Oidhche mhór ghrinn ag na Gaedhil seadh Oidhche Shamhna - an taonmhadh lá triochad de Dheire Foghmhair. Bíonn suipéár mór ins gach tigh an oidhche sin agus deintear bairín-breac i gcóir an tsuipéir agus cuirtear alán neithe isteach ann mar atá - fáinne, raol agus piosa lasán. An duine gheibheann an fáinne is é is luatha pósfar; an té gheibheann an lasán is é is luatha caillfear agus an té gheibheann an tairgead beidh saidhbhreas aige. Imirtear alán cluichí seachas an ceann sin agus is dócha go mbíonn an aos óg tuirseach sáruighthe ag dul a chodhladh dóibh.

    Lá 'le Stiopháin
    An lá sin téigheann sgata buachaillí amach le dreoilín mharbh agus iad gléasta go greannmhar; bíonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan