Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na hainmhidhthe atá ar fheirm m'athar ná - na ba, na caoirigh, na hasail, na géana na lachain, na cearca, agus na turcaí, Siad na hainmneacha atá ar na ba ná An bhó Crosta, An bhó Dhearg, bá na leath adhairce, An bhó Ghorm, An bhó bhán agus an bawny. Nuair a bhítear a' tiomaint na bó deirtear "Imthigh leat", no "How, How". Nuair a bhítear a glaodhach ar na ba deirtear "Pruggy, Pruggy". Nuair a bhítear a' glaodhach ar na gamhna deirtear "suck, suck." Glaoidhtear ar na hasail mar seo - "Foaley, Foaley," agus ar na turcaí "Bee,, Bee". Nuair a bhítear a' glaodhach ar na lachain deirtear "Wheat, Wheat", agus leis na cearca "Tuk, Tuk". Lá an aonaigh chloisfeá na feirmeóirí a' glaodhach amach in árd a ngutha "cheeri cheeri" leis na caoirigh. Cró na mbó a tugtar ar an áit in a mbíonn na ba. Bíonn bíomaí móra saidhte sa talamh agus slabhraí ar chrochadh asta. Cuirtear na ba isteach sa tráthnóna agus cuirtear an slabhra timcheall muinéal gach bó. Uaireannta eile má bhíonn siad crosta cuirtear píosa de rópa timcheall na gcos chun iad a choiméad ó bheith a' ciacáil. Ar an dára lá de mhí Feabhra (Féile Muire na gCoinneal) do crochtaí croiseanna déanta as brobhanna glasa os cionn dóirse na gcró. Domhnach an Iubhair crochann na daoine giota de chrainn phailme ós cionn na nainmhidhe agus dá mba rud é go bhfuair siad crúdh capaill cuireadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin