Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad os cionn an dorais é chun ráth a chur ar na hainmhidhthe.Fadó do bhíodh uisge coisrighthe i gcró na mbó ach tá an nós sin imthighthe Ní bhíonn sé ach i gcorr ceann díobh anois.Nuair a bhíonn laogh ag bó don chéad uair cuireann muinntir a' tighe sgilling, nó raol nó leath choróin isteach i dtóin an ghalúin agus dheineadh siad an bhó a bhleaghan anuas air.Is minic a cuireadh na sean daoine fód móna ar lasadh isteach is amach timcheall cosa na bó agus iad a' déanamh na hoibre sin dhéárfadh siad "In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomh. Annsin dheineadh siad trí braonacha de bhainne a bhleaghan as gach cíoch (teat). Rinneadar é sin chun an tim a choiméad ó bheith a' dul as an gcuinneóig.Nuair a bhíonn cearc ar ghor cuirtear uibheacha fúithí. Téigheann bean amháin go dtí tigh comhursan agus deineann sise agus bean a' tighe sin malairtiú ubh. Annsin tagann an bhean abhaile agus cuireann sí "comharthaí" ortha. Dá mba rud é gur chuir an bhean an chearc ins an nid - áit a mbíodh sí a' breith uibheaca - bhí uirthe dubhach nó gorm (blue) nó rud mar sin a chur ar na huibhe ar eagla go mbéadh na cearca eile a' breith a gcuid ubh ins an nid in a raibh an chearc ar ghor.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin