Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 312

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 312
  3. XML “Táilliúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    éadach de gach cinéal ag an tailliúr - sariste is bréid. Is as an mbréid a deintear na casóga móra, mar tá an cinéal éadaigh níos fear agus níos cluthmhaire ná na héadaigh eile.
    Nuair a théigheann duine chun an táilliúra chun culaith éadaigh d'fhághail tógann an tailliúr a thoise le miosúr órdlaigh. Scríobhann sé cunntas a thoise i leabhar arae bíonn sin a' teastaíl uaidh nuair a bhíonn sé ag gearradh amach an éadaigh. Nuair a bhíonn na giotaí éadaigh gearrtha amach aige deineann sé iad a chreimngál. Annsin tagann an duine go bhfuil an chulaith uaidh go dtí tigh an tailliúra chun an chulaith a chur air féachaint a' bhfuil sé oireamhnach dó nó a' mbeidh sé mór go leor dó nó ró-bheag dó. Má bhíonn sé ceart go leor deineann an táilliúr na míreanna a fhuagháil le chéile le himeall fuaghála. Ar deire deineann sé an chulaith d'iarnáil leis an iarnáil te, agus bíonn na uamanna go breagh cothrom. Bíonn an culaith réidh aige don duine. Bíonn alán rudaí ag an táilliúr mar atá:- siosúr, miosúr, méarachán, snáth is snathad agus inneall fuaghala.
    Fado do rinne na sean daoine a leinteaca féin. D'fhás an líon sa tír agus annsin rinne na mná é a sníomh. Annsin thugadar chun an fhigheadóra é agus rinne seisean é a fhighe go raibh lín-éadach mín agus lín-éadach grábháin (coarse). Dheineadh siad léinteacha i gcóir oibre as an lín éadach grábháin agus léinteacha le cur ortha ag dul chun an Aifrinn Dia Domhnaigh. Dheineadh siad olann a sníomh freisin agus rinneadar stocaí breaghtha troma. Deintear cniotail ins gach teach in mo cheanntar agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Samhráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin