School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 312](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0965%2FCBES_0965_312.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 312
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 312
- XML “Táilliúirí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)éadach de gach cinéal ag an tailliúr - sariste is bréid. Is as an mbréid a deintear na casóga móra, mar tá an cinéal éadaigh níos fear agus níos cluthmhaire ná na héadaigh eile.Nuair a théigheann duine chun an táilliúra chun culaith éadaigh d'fhághail tógann an tailliúr a thoise le miosúr órdlaigh. Scríobhann sé cunntas a thoise i leabhar arae bíonn sin a' teastaíl uaidh nuair a bhíonn sé ag gearradh amach an éadaigh. Nuair a bhíonn na giotaí éadaigh gearrtha amach aige deineann sé iad a chreimngál. Annsin tagann an duine go bhfuil an chulaith uaidh go dtí tigh an tailliúra chun an chulaith a chur air féachaint a' bhfuil sé oireamhnach dó nó a' mbeidh sé mór go leor dó nó ró-bheag dó. Má bhíonn sé ceart go leor deineann an táilliúr na míreanna a fhuagháil le chéile le himeall fuaghála. Ar deire deineann sé an chulaith d'iarnáil leis an iarnáil te, agus bíonn na uamanna go breagh cothrom. Bíonn an culaith réidh aige don duine. Bíonn alán rudaí ag an táilliúr mar atá:- siosúr, miosúr, méarachán, snáth is snathad agus inneall fuaghala.Fado do rinne na sean daoine a leinteaca féin. D'fhás an líon sa tír agus annsin rinne na mná é a sníomh. Annsin thugadar chun an fhigheadóra é agus rinne seisean é a fhighe go raibh lín-éadach mín agus lín-éadach grábháin (coarse). Dheineadh siad léinteacha i gcóir oibre as an lín éadach grábháin agus léinteacha le cur ortha ag dul chun an Aifrinn Dia Domhnaigh. Dheineadh siad olann a sníomh freisin agus rinneadar stocaí breaghtha troma. Deintear cniotail ins gach teach in mo cheanntar agus(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Pádraig Mac Samhráin
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan