Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní raibh siopaí flúirseach in aon chor agus nuair a bhíodh rudaí a' teastáil ó dhuine bhí air dul aistear deich míle chun iad d'fhághail. Mícheal Fiacháin a b'ainm d'fhear an chéad siopa in Gleann-Gaibhleann bhí an siopa aige i mBaile Gub in aice le séipéal Gleann-Gaibhleann agus gach Domhnach taréis an chéad Aifrinn agus taréis an dára Aifrinn bhíodh sé a díol rudaí de gach aon saghas. Thugadh na daoine "canting" air sin. Bhíodh margaidh fadó i mBaile Gub gach Aoine agus thagadh fir - ceannuightheoirí le láraí móra. Annsin bhíodh mná ann le lachain, géana, sicíní, is cearca agus bhíodh an margaidh ar siubhal ó na dó-dheag a chlog go dtí a dó. Cuireadh stop leis tamall ó shoin agus tá sé tosnuighthe arís.Bhí fear darbh ainm dó Brian Ó Mórdha san áit seo blianta fada ó shoin agus bhí sé pósta. Áine ní Cheallaigh a bhí mar ainm ar a mhnaoi. Bhíodh Brian a' bailiú raganna, is sean phíosaí éadaighe, is cleití, agus sean gruaig capall ar feadh an lae agus nuair a bhíodh dorchadas na hoidhche a tigheacht théigheadh sé abhaile is a stór de na rudaí atá luaidhte thuas i mála aige. Bhí cara aige i mBaile Daire na Neanntóg agus théigheadh Brian chuige chun na néithe a cnusaigheadh sé a chur i bfolach in a theach. Lá amháin chuaidh sé amach mar ba ghnáth agus nuair a bhí an ghrian tareis dul faoi dubhairt sé leis féin go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin