School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó ní raibh siopaí flúirseach in aon chor agus nuair a bhíodh rudaí a' teastáil ó dhuine bhí air dul aistear deich míle chun iad d'fhághail. Mícheal Fiacháin a b'ainm d'fhear an chéad siopa in Gleann-Gaibhleann bhí an siopa aige i mBaile Gub in aice le séipéal Gleann-Gaibhleann agus gach Domhnach taréis an chéad Aifrinn agus taréis an dára Aifrinn bhíodh sé a díol rudaí de gach aon saghas. Thugadh na daoine "canting" air sin. Bhíodh margaidh fadó i mBaile Gub gach Aoine agus thagadh fir - ceannuightheoirí le láraí móra. Annsin bhíodh mná ann le lachain, géana, sicíní, is cearca agus bhíodh an margaidh ar siubhal ó na dó-dheag a chlog go dtí a dó. Cuireadh stop leis tamall ó shoin agus tá sé tosnuighthe arís.Bhí fear darbh ainm dó Brian Ó Mórdha san áit seo blianta fada ó shoin agus bhí sé pósta. Áine ní Cheallaigh a bhí mar ainm ar a mhnaoi. Bhíodh Brian a' bailiú raganna, is sean phíosaí éadaighe, is cleití, agus sean gruaig capall ar feadh an lae agus nuair a bhíodh dorchadas na hoidhche a tigheacht théigheadh sé abhaile is a stór de na rudaí atá luaidhte thuas i mála aige. Bhí cara aige i mBaile Daire na Neanntóg agus théigheadh Brian chuige chun na néithe a cnusaigheadh sé a chur i bfolach in a theach. Lá amháin chuaidh sé amach mar ba ghnáth agus nuair a bhí an ghrian tareis dul faoi dubhairt sé leis féin go(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan