Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí scoileanna scairte 'san dúthaig seo timcheall 80 bliadhan ó'shoin. De Búrca ainm an muinteroa. Tugadh gach páiste pingin dó 'san t-seachtmhain. Bíodh an muinteóir in a chomhnaidhe le muintear na bpáistí.
Múineadh scríobhnóireacht, léigheamh, áiream insna scoilleanna scairte. Ní raibh na muinteoirí taobhach leis an Gaedealg ach do labharfadh na páistí é. Boscaí a bhíodh mar suidheacán aca, agus fóda móna mar stólaí. Ar slinnte a scríobhad siad. Uaireannta bíodh cloc mhór aca chun scriobhnóireachta.
Seo scéal mar gheall ar mhúinteor agus fear.
Bhí an múinteóir in a chomhnuidhe leis an bhfear. Do bhuail sé an buachaill ar scoil an lá sin. Bhí díoghaltais ar an muinteor ó'n bhfear.
Chuaidh an muinteór suas staire chun dul a chodhladh. Sar a chuaidh an fear a chodhladh chuir sé na corcáin agus buicéad in aice an staire. Bhí madra crosta istigh. Nuair chuaidh an fear a codladh bhí sé ag proiceadh an mhúinteora le biorán. B'éigean do'n mhuinteor teacht anuas chun an teine. Nuair tháinig sé anuas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Bhreac, Co. an Chláir