Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 254
- XML “Bacaigh na hÁite”
- XML “Bacaigh na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i nDún Átha trathnóna. Caitheadh lán an chorcáin de phrátaí ar an mbórd agus chuaidh muinntear a tighe amach sa mhacha ag déanamh rud éigin leis na buaibh. Nuair tháingadar ar ais bhi na prátaí go leír ithe aige agus é 'na shuidhe cois na teine ag caitheamh a phíopa ara shochracht.
Ní raibh práta ar bith aca féin agus b'éigean dóibh an ciotal d'finchadh agus lae a dhéanamh. Nuair chonnaic sé an béile eile. Shuidh sé chun bhúird agus d'ith se trí ceathrúna den císte. D'eirigh sé on mbórd annsan chuaid amach agus d'iompaigh a ghoile agus chaith se gach rud uaidh.
Chuaidh sé 'na chodladh cois na teine i rith na h-oidhche agus ar mhaidin lae ar na bháireach d'éirigh sé, d'ith sé a bhreacfast agus d'iompuigh a ghoile arís.
Sa deireadh cuirteadh go dtí Tigh na nGealt in Inis íad ( an triúr). Tháinig an mathair ann lá chun chuairt do tabhairt ortha agus thug sí císte aráin leí mar feirín dóibh.Nuair d'imthigh sí arsa duine aca le n-a dhrithar. " Cé hí siud a thug an císte dúinn"? "Is dóca gurab i ár máthair í " arsa 'n drithár eile, " mar ní thabharfadh aoinne eile arán dúinn acht ár máthair". - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.