Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)

Suíomh:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Leathanach 06_039
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó, agus bhí mac aige. Is é an t-ainm a bhí air Jack. Nuair a bhí Jack ina fear óg, dubhairt a athair leis go gcaithfead sé dhul le ceird. Dubhairt Jack nar mhisde leis, ach nach dtiocfadh sé le aon ceird go deo ach le gaduidheacht. D'imthigh leis annsin gan buidhcheas dá athair, agus chuaidh sé go an Gaduidhe dubh. Shocruigh sé leis le Gaduidheacht a mhuineadh dhó. Bhí sé féin agus an gaduidhe dubh seacht mbliadhna ag imtheacht le chéile.
    Bhí duine uasal san áit, agus bhí Jack agus an gaduidhe dubh ag goid chuile shórt dá raibh aige. Bhí sé ag cinnt air breith orra. Bhí teach annsin ag an duine uasal a bhí lán le ór agus le airgead, agus rinneadar amach go mba cheart dóibh ualach de a ghoid. An doras
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Nualláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Flannchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe