Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 10_015
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó, agus bhí sí an-bhocht. Ní raibh ins an teach ach í fhéin agus a mac. Cinéal amadán a bhí ins an mac agus sé an t-ainm a bhí air Seán.
An lá seo ar chaoi ar bith, dubhairt an mháthair le Seán go gcaithfeadh sé a dhul ag saothrú a bheatha mar nach raibh sí fhéin indhon é a thogáil ní bfuide. D'imthigh Seán leis ar thóir oibre agus bhí sé ag imteacht choidhche nó go deó gur casadh ceannaidhe air. D'fhiafruigh Seán obair ar an gceannaidhe, agus dubhairt an ceannaidhe go ngeobhfadh sé sin agus fáilte. Rinneadar an margadh annsin agus ba é an rud a shocruigh siad, Sgilling a tabhairt de Sheán ar feadh bliadhna. Bhí go maith is ní raibh go h-olc, nuair a bhí an bliadhain thuas. D'fiafhruigh an ceannaidhe de Sheáin cé aca a bfearr leis an sgilling gheal nó an sgilling i dtrí bpíosa. (Sé sin trí thuistiún mar bhíodh píosaí tuistúna ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhroighneáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Coisméig Mór, Co. na Gaillimhe