Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-ám is mó a pósann na daoine san áit seo faoi Inid. Sé an caoi dthosuigheann siad i ngradh na ngaolta is na comarsanaibh ag cur a gcomhairle a dteannta a chéile ar a léithead seo d'fear óg go bfuil sé i n-ám aige pósadh go bfuil an chuidh eile de'n mhuirghin imthighthe go meiriocá no go áit éigin eile agus nach bfuil ag a athair na ag a mháthair acht é fein.
Deireann duine dá chuidh ghaolta leis dul ag leitheadh seo d'áit no ina leitheidh siúd d'áit. Deirfeadh fear muintreach eile dul ag Tomás Ó Congaile i na léitheidh seo go bhaile agus go bfuil cailín óg datamhail aige agus go mbéidir go bfuigheadh sé í le pósadh. Thosuigh siad ag cur a gcomairle i dteannta a chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann