Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Droicead ar loch gan maide gan cloch.
"leac-oidhre".
2. Cailleach sa gclúid agus dá céad súil uirthe.
"pota an-bhruth".
3. Chuaidh mé suas an boíthrín agus chas mo mhama dom. Bhí sraon iarann i airthe agus méareacha airig, agus sé a chuirfeadh ruaig ar na préacháin.
"Guna".
4. Tobairín fíor-uisge ar barr an chnuic tá doraisín cré air agus fuinneóigín gloine.
"Súil Duine"
5. Teigheann sé suas an simléar agus tagann sé anuas an simléar agus ní theigheann sé suas ná anuas an simléar.
Sgáth-Fearainne.
6. Cé'n caoí a mbrisfeá buidéal follamh thíos i mála follamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhroighneáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Coisméig Mór, Co. na Gaillimhe