Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 414](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_414.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 414
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar talamh chuaidh sé n-a chodladh ar an tráigh. Thainig mac an Ríogh na h-áithe agus casadh fear air a d’innis do go rabh fear na chodladh ar an tráigh. D’iarr mach an Ríogh air a dhul síos agus é a mhuscailt. Chuaidh sé síos mhuscal Seán agus thug go caislean an Ríogh é. Fuair sé a dhinnear, agus annsin chúir an Rí ceist air an bhfanfadh sé aige. Dubhairt Seán go b’éidir go bhfanfadh. D’innis sé dó go rabh obair chruaidh le deánamh aige gur thuit Caisleán a athara agus garabh seisean agus a chuid fir ag cur suas an caisleán gach lá agus go d’tiocfadh dha fhathach achan oidhche agus go leagfadh siad an caisleán. Chuaidh Seán suas an oidhche seo. Chuaidh sé isteach agus mhathuigh sé an talamh ag craitheadh. Chuaidh sé suas ar an bhinn agus nuair a bhí siadsan ag leagadh an Caisleáin, chaith sé anuas cloch agus bhuail sé duine aca. Shíl an fathach gur an fathach eile a bhuail é agus thainig an fhearg air. Chaith Seán cloch ar an fhathach eile agus sé an deirea a bhí ann gur thoisigh siad ag troid gur [mha]? siad a cheile. Thug Seán an da cheann isteach chuig an Righ. Dubhairt seisean go rabh sé iontach maith. D’innis annsin do go rabh fathach eile taobh thiar do, a bhí ag goid a chuid [eallai]? D’imthigh Seán le eallaigh an Ríogh lá thar na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Mac Cearrain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall