Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 415](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_415.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 415
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhárach. Chuaidh Seán isteach i ngarraidh an fhathaigh. Thainig an fathach amach, agus d’fiafraigh do Seán goidé bhí sé ag deánamh annsin. Dubhairt Seán leis go rabh se ag dhul a cur a chuid eallaigh ann. Dubhairt an fathach nac gcuirfeadh. Thoisigh an troid agus mharbh Seán an fáthach. Thug sé ceann an fhathaigh leis chuig an Righ, agus dubhairt seisean go rabh sé iontach maith. Annsin d’innis sé do Sheán go rabh fáthach eile taobh thoir do a bhí ag goid a chuid eallaigh fosta. Chuaidh Seán chuige agus marbh sé é mar rinne sé leis an chuid eile.
Thainig an cailleach amach agus d’fhiafraigh sí do Sheán cad thuighe ar mharbh sé a ceithre mac. Dubhairt Seán go rabh beirt aca ag leigeadh an Caisleán agus beirt eile ag goid an eallaigh. Thug sí isteach ‘un toighe é agus d’iarr sí air a chuid eadaigh a báint do. Dubhairt Seán lei gan a bheith ag amharc thart. Bhí seisean ag amharc isteach san oidhean. Fuair Seán greim dha choise uirthi agus chaith sé isteach san oidhean í. Thainig sé go dtí an Rí arais agus ceann na caillighe leis, agus bhí an Rí an-sásta leis.
Bhí ingean ag an Righ, agus ba mhaith leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Cearrain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall