Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 446
- XML (gan teideal)
- XML “Na Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Da mbeadh duine ag gabháil un aonaigh agus beathach no capall leis, agus da gcasadh bean ruad air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)turas agus é rud dearmad a dhéanamh deirtear na ceart tionntóig fa na choinne gur cheart sgairtigh le duine éiginteacht agus é a thabhairt dó. Da gchuirfeadh duine a chirteach air contrailte ní ceart dó e a bhaint dó nó ní béadh ádh ar bith air. Ma bhíonn duine ag siubhail ar an bhealach mhór agus e beatach, no chapall, no fear, a chastar ort bhéadh ádh mait ort an lá sin. Da bhfuigfheá cruth beataigh cailte ar an bhealach mhór deirtear go ceart é thabhtairt leat agus a crochadh suas sa teach agus bhéadh ádh maith ort na dhiaidh sin.- Na Toighthe.
I bfadh o soin bhéadh toighthe I deánta de turtogaí agus foidé agus da dtiocfhadh poll ar an teach chuirfeadh siad fraoch isteach ann le na líonadh suas. Ní rabh doirse ar bith acha mar tá aca anois, bhéad na doirse deánta de shlata agus dréiseogaí agus bhéadh bata mór ar an taobh astoigh le na choinnéal druidhthe.
Am amháin bhí bean ann agus ní rabh aici acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhan Ní Chéarrain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró na Sealg, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Meadhbha Ní Chéarrain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Leic na Leabhar, Co. Dhún na nGall