Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 95

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 95

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 95
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus ba é seo an chleas. Dimthigh sé na chnuic oidhche amháin agus thug leis gabhair fiadhain a bhí cosamhail leis an ghabhair a bhí ag an fhear eile. Tháinig sé na bhaile agus an gabhar leis. Annsin dimthigh sé go dtí an teach a rabh an fear eile na chomhnuidhe ann. Goid sé an gabhar fiadain na áit. Lá thar na bharach a bhí siad le breith ar na gabhar. Ar maidín lá thar na bharach d’éirigh ‘acán fhear aca go luath agus thug ‘acá’n fhear leis ‘beithideach agus chuaidh a marchuigheacht air agus lean ‘acha’n fhear aca a ghabhair fhéin. Ach an fear a rabh an gabhair fiadhain aige ní thiocfadh leis greim a fhaghail air.
    Dimthigh an gabhar fiadhain na chnuic agus an fear na dhiaidh, ach ins an deireadh chaill sé an gabhar i measg gcnoc. Bheir an fear eile air a ghabhar fhéin agus posadh é féin agus nighean an riogh. Ach an fear a bhí ar shiubhal indiaidh a gabair fiadain chuaidh sé ar seachrar sa chnoc. Níl aon beitidheach ceithre cosach a gcasfaidhe air nach gcuireadh sé céist orta an bhfachaidh siad gabhar air bith ag gabhail thart. Lá amháin bhí sé ag siubhal fa an chnoc agus casadh air leomhan mór agus ocras air. Chuir an fear céist air an bfacaidh sé gabhar ar bith ag gabhail thart. “Tá tú féin do gabhar cheart”, arsa an leomhan go feargach. Le sin go díreach thug sé léim ar an fear agus dith sé é. Sin mar chuaidh an fear agus an gabar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Aodha
    Inscne
    Baineann