School: Árd Aoibhinn

Location:
Ardeevin, Co. Galway
Teacher:
Dll. De Grás
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0018, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Aoibhinn
  2. XML Page 112
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá go leór laetheannta ins an mbliadhain agus ní thosnuigheann daoine aon obair, nó ní atharruigheann siad isteach i dteach nua na laetheannta sin, mar síleann siad nach mbeadh aon ádh ortha agus go mbeadh na sideóga in a ndiaidh. Coimeádann daoine mo cómharsanacht féin na pisreóga sin.
    Nuair a bhíonn siad ag atharrú isteach i dteach nua ní theigheann siad isteach ann aon lá acht Dia h-Aoine. Ní thosnuigheann said ar cabáiste do chur Dia Céadaoin. Deireann na sean-daoine má itheann duine a dhóthain ar an gcéad lá de'n bhliadhain go mbeidh a dhóthain le n-ithe aige ar feadh na bliadhna sin.
    Fadó ní thosnóchadh na feilméaraí ag treabghadh go dtí an lá i ndiaidh Lá 'le Phadraig, agus ní thosnóchadh na mná ar na fataí do ghearradh i sgiolláin go dtí an tríomhadh lá déag de mhí Aibreáin.
    Chuala mé sean-fhear ag rádh dá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhómhnalláin
    Gender
    Female
    Address
    Loughpark, Co. Galway
    Informant
    Sighle Ní Choibheannaigh
    Gender
    Female
    Address
    Loughpark, Co. Galway