Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
Cregduff, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 478

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 478

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 478
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí fear ann fadó agus bhí an-dúil in ól aige. Oidhche amháin agus é ag teacht abhaile thuit sé in chodladh agus d'imthigh an t- asal leis. Níor stop sé go dtáinig sé chómh fada lé coiléar gúail agus stop sé annsin.
    Núair a chonnaich na míanadóirí an t- iongnadh seo taobh amuigh d'en choléar chuadar amach agus bá é an chéad rud a rinne siad na pócaí an fhir do chuartúghadh. Fúair síad buidéal uisce-beatha agus seacht is sé píghne ann. D'iomchair síad an fear bocht síos sa gcoiléar agus bá ghearr gur dhúisig sé.
    Anois bhí an duine bocht i sáinn mar ní raibh fhios aige cá raibh sé no ce'n sórt daoine a bhí in aonfheact leis. D'fíafhruigh sé de na míanadóirí cá raibh sé agus dúbhairt síad go raibh sé in Ifreann. Dubhair[t] siad freisin go leigfheadh síad amach é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annie Burke
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cappacurry, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Mr John Burke
    Inscne
    Fireann