School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Beannchor Iorrais
  2. XML Page 227
  3. XML “Gabha an tSoic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bfhad ó shoin i gChlíath Bhearna i nDún Fhianaigh in-aice le Baile Chaisil i gConndaé Muigheó bhí Gabha in-a chómhnaidhe. Ní raibh gabha ar bith in-ann soc céachta a dhéanamh chómh maith leis. Oídhche amháin dá raibh sé in-dhiaidh obair an laé do chuir isteach tháinig marcach chun an dorais agus d'iarr sé air an gcuirfhead sé crúidhthe ar an gcapall dhó. "Tá sé in-an tráth le dul chun na ceárdchán dhom" arsa an gabha.
    "Déanfhaidh mé fhein an obair ma thugann tú iasacht na ceárdchan dom." arsa an marcach.
    "Bhéarfad agus fáilte acht rachfaidh mé fhéin leat" arsa gabha an tsuic.
    Ghliúis an bheirt acú chuig an gceardcháin. Cuir an strainséar súas na h-iarnacha. Rinne sé na cruidhte agus chuir le bonn iad. Núair a bhí sin déanta aige fúair sé túagh agus bhain sé na cosaibh ó na glúanaidh anúas de'n chapall agus bhain sé na crúidhthe de na cosaí aris. Thóg sé buidéal as a phóca agus bhí cleite ann agus chúimil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    AT0753: Christ and the Smith
    Language
    Irish
    Collector
    Miceál Mac Énrí
    Gender
    Male
    Address
    Bangor, Co. Mayo
    Informant
    Padraig Ó hEigeartaigh
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Gleann na Muaidhe, Co. Mayo