School: Accony (roll number 5122)

Location:
Aghany, Co. Mayo
Teacher:
P. Mac Giobúin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Accony
  2. XML Page 291
  3. XML “Scéal faoi Each Uisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó is fadó a bhí. Bhí sé ina cómhnuidhe in Smealloch. Tá Smealloch suidthe ar bruach na fairrge taob thíar de Acadanna. Ba de mhuinntir Donncadha é. Fear cródha calma a bhí ann. An t-am a bhfuil mise ag trácht air bhí uireadóireacht aige cois na fairrge. Bhí timcheall trí nó ceithre acra coirce aige ann.
    Oidhche amháin i lár an Fhóghmair chuaidh sé go dtí an áit a raibh an coirce aige. Fúair sé amach go raibh cuid de itthe. An oidhche ina dhiaidh sin chuaidh sé go dtí an coirce arís go bhfuigheadh sé amach céard a bhí ag ithe an coirce. Ní raibh sé i bfad ann go dtáinig each uisge isteach go dtí an coirce. Chuir sé é i coirnéal na páirce agus bhí srían ina lámh aige agus chuir sé é ar a cheann. Bhí áthas agus lúthgair ar an bhfear agus thug sé an teach uisge abhaile. Chuir sé isteach ins an stábla é.
    Capall mór láidir a bhí ann. Cúpla lá ina dhiaidh sin thosuig sé ag obair léithí. Bhí sé ag tarraingt féir, coirce agus gach rud mar sin léithí. Bhí alán searaigh aici agus díol sé íad agus fúair sé luac maith orra.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí go dtáinig fear as Dubach Mhic Éoin agus d'iarr sé air an capall a thabhairt ar iasacht dó cun coirce a tarraingt abhaile. Thug sé an capall dó. Dubhairt tinncéar leis an bhfear Mac Donnchada gan í a thabhairt do dhuine ar bith acht rinne sé faillighe ar an gcómhairle sin a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Thomas Gibbons
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Carpenter
    Address
    Emlagh, Co. Mayo