School: Eanach Mór (roll number 13912)

Location:
Annagh More, Co. Mayo
Teacher:
Mártain Ó Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach Mór
  2. XML Page 15
  3. XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    12) Gur mar sin dó (nár thigidh feabhas air)
    13) Ar mhaithe leis féin a ghníos an cat crónán
    14) Ó chaith tú an coinneal caith an t-orlach
    15) Chuaidh mé istach ar fud na bhfud acu
    (gan choinne)

    16) Dá ghoireacht do dhuine a chóta is goire do a léine
    (blood is thicker than water)

    17) Caidir an coimhthigheach ach ná taobhuigh é
    (cuir aithne air ach ná déan cara dhe)

    18) Níor fhan ach na bráithre agus d'imthigh na bróga
    (nuair a bhéadh gach duine ghá shaoradh féin tar éis rud a bheith goidthe)

    20) An rud a théigheanns chun faid téigheann sé chun ríghnis

    21) Ní'l long a fhananns le cóir nach bhfághann

    22) Ní'l cogadh dá mhéid nach síothchán a dheireadh
    (dubhradh é seo tar éis tóghtha)

    23) 'Sé an t-éadach an bláth

    24) Is mairg a mbíonns aige an bothán bocht ach is dhá mhairg a bhíonns gan olc ná mhaith

    25) Ar choimrighe Dhé a mháthrach ' agus a maireánta
    (nuair a gheibhtear deoch bainne)

    26) Fuair sé droch-mhaireánta
    (droch oileamhaint)

    27) Íd na coda sin ar an gcuid eile agaibh
    (go bhfágaidh sibh an bás nó an droch íd a fuair an ceann seo)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Mártain Ó Braonáin
    Gender
    Male